The Teachers' Lounge poster

© if... Productions

An Ghearmáin | 98 nóim | 2023

Achoimre:Tosaíonn Carla Nowak, múinteoir óg aclaíochta agus matamaitice i meánscoil, ag múineadh den chéad uair ina meánscoil nua. An difríocht is mó idir Carla agus a comhghleacaithe nua ná a hidéalachas. Ach nuair a thosaíonn gadaíocht ag tarlú sa scoil, cruthaítear droch-atmaisféar i measc na múinteoirí. Nuair a chuirtear an ghoid i leith dalta ón Tuirc, agus nuair a chuirtear fios air chuig oifig an phríomhoide, rud a chuireann náire air, cinneann Carla an scéal a fhiosrú. Úsáideann sí ceamara ceilte agus aimsíonn sí an gadaí, rud a chuireann ionadh ar gach éinne: agus cé atá ann ach rúnaí na foirne nach dtarraingíonn aird uirthi féin riamh, Friederike Kuhn. Ach fágann an nochtadh sin Carla i gcruachás dosháraithe: is í Friederike Kuhn máthair an dalta is cumasaí atá aici, Oskar Kuhn. Téann gach rud ó smacht ar Carla bhocht de réir a chéile. Ar thaobh amháin, éiríonn sí níos imeallaithe óna comhghleacaithe de réir a chéile. Ar an taobh eile den scéal, caithfidh Carla aghaidh a thabhairt ar an strus síceolaíoch a chuir sí ar Oskar, nuair a thosaíonn na leanaí eile ag tabhairt ‘mac gadaí’ air. Tá réiteach neamhchasta ag lucht riaracháin na scoile i gcásanna dá leithéid: Oskar a aistriú go scoil eile. Níl Oskar buartha, ná a mháthair ach an oiread, agus téann sé i dteagmháil leis an nuachtán scoile chun dearcadh a mháthar ar an scéal a fhoilsiú. Cuireann sé sin tús le plé teasaí faoin bhfírinne agus faoin gceartas.

 

Scóráil an scannán (open in a new tab)