Gradam Lucht Féachana LUX

Cad is cúis le Gradam Lucht Féachana LUX?

Léiríonn ‘LUX - Gradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa (gearrtheideal: Gradam Lucht Féachana LUX)’, arna eagrú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an European Film Academy tiomantas na Parlaiminte leis an gcultúr. Tríd an tionscnamh, cuirtear an éagsúlacht chultúrtha chun cinn agus cuirtear tacaíocht phraiticiúil ar fáil do scannánaíocht agus do ealaíona na hEorpa.

Tá Gradam Lucht Féachana LUX bunaithe ar Dhuais LUX, a bhunaigh Parlaimint na hEorpa in 2007, agus ar an People’s Choice Award ón European Film Academy, a tugadh isteach in 1997. Ardaíonn na scannáin ainmnithe feasacht faoi na shaincheisteanna sóisialta agus polaitiúla atá ann faoi láthair, spreagann siad lucht féachana a bheith páirteach i ndíospóireachtaí faoin Eoraip ar bhealach atá tarraingteach dóibh agus a léiríonn áilleacht agus éagsúlacht scannánaíocht na hEorpa.

Leanann an gradam d’athmhuintearas cultúrtha a chruthú ar fud na hEorpa, trí aird a tharraingt ar scannáin a théann go croílár na díospóireachta poiblí san Eoraip.
Is é is cuspóir don ghradam nua naisc idir an pholaitíocht agus na saoránaigh a threisiú, trína iarraidh ar lucht féachana na hEorpa a bheith ina bpríomhphearsana gníomhacha agus scóráil a dhéanamh ar scannán amháin nó níos mó de na scannáin atá ainmnithe. Is é an aidhm atá ann ná go nglacfadh an lucht féachana páirt i ndíospóireachtaí faoin Eoraip trí bhreathnú ar scannáin Eorpacha spreagúla.

Creidtear i bParlaimint na hEorpa gurb í an scannánaíocht, mar ollmheán cultúrtha, an t-ardán is fearr don díospóireacht agus don mhachnamh ar an Eoraip agus ar a bhfuil i ndán di. Tá an European Film Academy, a thugann os cionn 4 000 scannánóir ar fud na hEorpa le chéile, tiomanta do chultúr scannánaíochta na hEorpa a chur chun cinn ó bunaíodh é in 1988.

Conas a roghnaítear an buaiteoir?

Fógraíodh na cúig scannán atá ar an ngearrliosta don cheathrú heagrán de Ghradam Lucht Féachana LUX go poiblí le linn Fhéile Idirnáisiúnta Scannán na Veinéise an 1 Meán Fómhair 2023. Bhí Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, lucht féachana, scannánóirí agus gairmithe scannánaíochta i láthair.

Iarrfar ar an lucht féachana agus ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) scóráil a dhéanamh ar na scannáin ar líne. Is é an scannán a gheobhaidh an scóráil fhoriomlán is airde ón bpobal agus ó na Feisirí a bhuafaidh Gradam Lucht Féachana LUX. Is fiú 50% an vóta atá ag gach grúpa díobh. Fógrófar an buaiteoir ag Searmanas Ghradam Lucht Féachana LUX, a tharlóidh i bParlaimint na hEorpa i mí an Mhárta 2024. 

Cad í an aidhm atá ag Gradam Lucht Féachana LUX?

Tá sé mar aidhm ag Gradam Lucht Féachana LUX go n-úsáidfí é mar chomhartha ardchaighdeáin agus tacaíocht á tabhairt do léiriúcháin de scannáin Eorpacha.

Mar thoradh ar an tionscnamh seo, beidh na scannáin ainmnithe níos feiceálaí agus cuideoidh sé leo dul thar theorainneacha agus teacht ar lucht féachana níos leithne. Tugann sé deis do lucht féachana ó gach cearn den Aontas Eorpach, agus níos faide i gcéin, féachaint ar scannáin nach mbeadh ar taispeáint ina dtíortha murach sin b’fhéidir.

Tá fotheidil i 24 theanga oifigiúla AE curtha leis na scannáin ainmnithe agus eagraíonn Parlaimint na hEorpa taispeáintí i ngach ceann de 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh le linn na tréimhse ‘Féach, Scóráil agus Buaigh’, ó Mheán Fómhair 2023 go Márta 2024. Anuas ar an méid sin, déanfar an scannán a bhuafaidh Gradam Lucht Féachana LUX a oiriúnú do phobail a bhfuil lagú éisteachta orthu.