Amlíne agus próiseas scórála

Amlíne an Ghradaim

Meitheamh 2023
Cruinniú de Choiste Roghnúcháin LUX chun na cúig scannán atá le hainmniú do Ghradam Lucht Féachana LUX 2024 a phlé agus a roghnú

Meán Fómhair 2023
1 Meán Fómhair 2023: Fógairt na gcúig scannán ainmnithe le linn Fhéile Idirnáisiúnta Scannán na Veinéise

Meán Fómhair 2023 - Márta 2024
Taispeáintí de na scannáin ainmnithe le linn na tréimhse ‘Féach, Scóráil agus Buaigh’

An 16 Aibreán 2024
Searmanas Bronnta Ghradam Lucht Féachana LUX – fógairt an bhuaiteora ag an searmanas i bParlaimint na hEorpa.

Próiseas scórála

Is féidir le daoine ón lucht féachana na cúig scannán ainmnithe a scóráil ón 2 Meán Fómhair 2023 go dtí an 14 Aibreán 2024. Beidh an lucht féachana in ann gach scannán a scóráil trí Ardán Scórála LUX. Beidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa in ann vótáil trí leathanach scórála tiomnaithe de chuid na hinstitiúide. Is féidir scóir a athrú chomh minic agus is mian leat go dtí deireadh na tréimhse scórála. Ní chuirfear san áireamh ach an scór deireanach amháin.

Cinnfear an rangú deiridh tríd an scór poiblí agus scór na bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa a chur le chéile. Is fiú 50% go cothrom an scór atá ag gach grúpa. Fógrófar an buaiteoir ag Searmanas Ghradam Lucht Féachana LUX an 16 Márta 2024 i bParlaimint na hEorpa.