Duais LUX (2007-2019)

Céard a bhí i gceist le Duais Scannánaíochta LUX?

Dhéanadh Parlaimint na hEorpa Duais Scannánaíochta LUX, a bunaíodh in 2007, a bhronnadh gach bliain, go dtí go ndeachaigh an institiúid i gcomhar leis an European Film Academy agus thug siad Duais Lucht Féachana LUX isteach in 2020.

Ainmníodh an Duais as an aonad soilsis, “lux”, arb é an Laidin ar “sholas” é. Ba é cuspóir Dhuais LUX an díospóireacht phoiblí maidir le lánpháirtiú na hEorpa a shoiléiriú agus scaipeadh scannáin na hEorpa laistigh den Aontas Eorpach a éascú, ar gné lárnach é den ghradam nua fós.

Mar chuid de Dhuais Scannánaíochta LUX, roghnaíodh an Painéal Roghnúcháin 10 scannán. Ghlactaí le hiarratais aonair mar chuid den phróiseas roghnúcháin freisin.

As na 10 scannán sin, chuirtí fotheidil i 24 theanga an Aontais Eorpaigh leis na 3 scannán a roghnaíodh don ghearrliosta agus thaispeántaí iad ar fud na hEorpa. Ní bhíodh ach Feisirí in ann vótáil ar na scannáin a bhí ainmnithe agus roghnaítí an buaiteoir bunaithe air sin.

Cé go roghnaíodh na Feisirí Eorpacha an buaiteoir, bhíodh deis ag an bpobal a dtuairimí a chur in iúl tríd an Aitheantas Pobail: le linn na dtaispeáintí a bhíodh ar siúl mar chuid de Laethanta Scannáin LUX, bhíodh an lucht féachana in ann vóta a chaitheamh ar son an scannáin ab ansa leo as na trí iomaitheoir sa bhabhta ceannais, cé nach mbíodh tionchar díreach ag an vóta sin ar thoradh bhuaiteoir Dhuais LUX.

Iarraimid ort súil a chaitheamh ar bhailiúchán scannáin LUX.