old man taking picture of a young woman© Plattform Produktion AB, Essential Films GmbH, Société Parisienne de Production, Triangle of Sadness Ltd.

 

An tSualainn, An Ghearmáin, An Fhrainc, An Ríocht Aontaithe | 142 min | 2022

Achoimre: Aoir gan srian é an scannán seo a dhéanann aisiompú ar róil agus aicmí agus a nochtann luach suarach eacnamaíoch na háilleachta. Tá Carl agus Yaya, beirt mhainicíní, ag dul i ngleic le domhan an fhaisin agus ag cur eolas ar na teorainneacha atá lena gcaidreamh féin. Tugtar cuireadh don lánúin dul ar chrús galánta ar a bhfuil slua paisinéirí atá lofa le hairgead, olagarc Rúiseach, ceannaithe arm ón mBreatain agus captaen neamhghnách, alcólach atá an-tógtha le Karl Marx. Ar dtús, bíonn an chuma ar chúrsaí gur crús é seo a chuirfidh éad ar lucht Instagram. Ach tá stoirm ag teacht agus tagann tinneas farraige ar na paisinéirí ag dinnéar seacht gcúrsa an chaptaein. Bíonn deireadh tubaisteach leis an gcrús. Fágtar Carl agus Yaya sáinnithe ar oileán tréigthe le grúpa billiúnaithe agus duine de ghlantóirí an bháid. Go tobann, déantar aisiompú ar an ordlathas, toisc nach bhfuil an iascaireacht ar a chumas ag aon duine seachas an coimeádaí tí.