Fallen Leaves poster

© Sputnik Oy, Bufo

An Fhionlainn | 81 nóim | 2023

Achoimre:

Is scéal é Fallen Leaves faoi bheirt daoine uaigneacha (Alma Pöysti agus Jussi Vatanen) a thagann le chéile trí sheans oíche amháin i Heilsincí. Déanann siad iarracht teacht ar an gcéad ghrá, an t-aon ghrá agus an grá deireanach a bheidh acu ina saol. Tá bacainní éagsúla rompu agus iad ag teannadh leis an sprioc fhiúntach sin - alcólachas an fhir, uimhreacha gutháin caillte, easpa eolais ar ainmneacha agus seoltaí a chéile, agus claonadh an tsaoil a bheith ag cur in aghaidh daoine atá ag lorg sonais.

Ceapadh go raibh an choiméide thragóideach seo caillte. Is í an ceathrú cuid í de thríológ Aki Kaurismäki faoin lucht oibre (Shadows in Paradise, Ariel, agus The Match Factory Girl)
 

Scóráil an scannán (open in a new tab)