picture of the main actor© Ay Yapim, Liman Film

 

An Tuirc, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ísiltír, An Ghréig, An Chróit | 130 min | 2022

Achoimre: Ceaptar Emre, ionchúisitheoir óg agus tiomanta, i mbaile beag inar tharla géarchéim uisce agus scannail pholaitiúla. Cuirtear fáilte roimhe ar dtús, ach ní fada go bhfeiceann sé an teannas sa phobal agus go dtarraingítear go drogallach isteach sa pholaitíocht áitiúil é. Nuair a dhéanann Emre cairdeas le húinéir an nuachtáin áitiúil, géaraítear ar an mbrú atá ann mar gheall ar ráflaí teasaí.