kids in a car© Elastica Films

 

An Spáinn, An Iodáil | 120 min | 2022

Achoimre: Tá gach samhradh a bhfuil cuimhne acu air caite ag muintir Solé ag piocadh péitseoga ina ngort péitseoga in Alcarràs, baile beag i réigiún na Catalóine sa Spáinn. Ach d’fhéadfadh deireadh teacht leis sin i mbliana, agus iad á ndíbirt as an áit. Bíonn deighilt sa teaghlach mór agus dlúth seo mar gheall ar na pleananna nua don talamh, mar shampla na crainn péitseoga a ghearradh síos agus painéil ghréine a chur isteach ann. Den chéad uair riamh, níl siad cinnte cad atá rompu agus tá baol ann gur mó an chailliúint atá i ndán dóibh ná an gort péitseoga amháin.